Feile Raifteiri: Cantairi Chonamara and Music Matters Present Stepping Stones from St. Patrick to U2
Feile Raifteiri: Cantairi Chonamara and Music Matters Present Stepping Stones from St. Patrick to U2
Cantairi Chonamara, in collaboration with Music Matters, is proud to present ‘Stepping Stones from St. Patrick to U2,’ a captivating journey through Irish musical and poetic history. Curated and directed by Marie Ni Dhuibhir, this special event is part of Feile Raifteiri 2024.
Join us on Saturday, 19th October, at 5 PM at Gaelscoil Riabhach, Cois Móna, Cosmona, Loughrea, Co. Galway, H62 TK22, for an evening that celebrates the rich heritage of Irish music and poetry.
Tickets are priced at €15 (student discount €10) available at the door.
Turas trí stair filíochta agus ceoil na hÉireann ó Phádraig go U2 atá i gceist leis an léiriú seo a bhéas curtha i láthair ag Cantairí Chonamara agus Music Matters Gaillimh.
Tá an turas leagtha amach ag Máire Ní Dhuibhir i seacht ngluaiseacht. Tosnaítear le fuaim coirn ó 2,500b.c. agus tagraítear do shaothar Phádraig, Columbanus agus filíocht liriciúil na linne sin. Baineann an dara ghluaiseacht le scoileanna na mbard agus tionchar na hathbheochana meánaoise ar fhilíocht na ndaoine. Ansin deintear tagairt do Bhaile Átha Cliath san 18iú aois, an chéad uair gur deineadh an Messiah, cumadóirí Éireannacha a bhain cáil amach, chomh maith le saothar Thomas Moore. Baineann an ceathrú ghluaiseacht le saothar na bhfilí ó 17iú go 18iú, caointe, aislingí, agus na bailitheóirí ceoil. Sa chúigiú cheann, luaitear an Athbheochain Ghaelach/Cheilteach ag casadh na fichiú aoise, Yeats, an Piarsach, Joseph Mary Plunkett. Na blianta i lár an chéid seo chaite is téama an séú gluaiseachta – Elizabeth Maconchy, Ó Riordáin, Ó Direáin. Nua-bhóithre an t-ainm ar an ngluaiseacht dheireannach mar gheall ar go bhfuil saothair ó go leor seánra i gceist – Heaney, Ó Riada, Ó Súileabháin, Lisa Hannigan, Van Morrisson, Bill Whelan agus U2. Críochnaíonn an togra seo le saothar nua-cumtha – dán le Noelle Hayes ó Phort Omna curtha le ceol ag Máire Ní Dhuibhir.
Tá seacht bpainéal le feiceáil freisin ag cur síos ar na ngluaiseachtaí éagsúla, deartha ag Éamonn Mac Lochlainn.
Beidh an léiriú ar siúl Dé Sathairn, 19ú Deireadh Fómhair, ag 5:00in i nGaelscoil Riabhach (H62 TK22).
Ticéidí: €15 ag an doras (lacáiste do mhic léinn: €10)
FÉILE RAIFTEIRÍ 2024 4-20 October 2024
Discover Loughrea is brought to you by Loughrea Chamber of Commerce, supporting businesses and community locally.